Tá An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaín, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sásta ochtó faoin gcéad (80%) don chostas a sheasamh agus táimid fíorbhuíoch dóibh as seo. Fágann seo go mbeidh ar an gcoiste gar do €16,000 a bhailiú go háitiúil.
Tá Coiste Halla Éinne tosaithe ar fheachtas bailiúcháin airgid le tabhairt faoin chéad chuid d’athfhorbairt Halla Éinne. Tá costas obair innealtóireacht agus dearadh le clúdach ar dtús, costas de bhreis agus €60,000.
Tá sé socraithe againn ticéid raifil a dhíol ar a mbeidh €1,000 in airgead tirim mar chéad duais agus táimid ag súil go mbeidh go leor duaiseanna eile a bheas urraithe ag gnólachtaí áitiúla, le buachan freisin.
Ba mhór againn bhur dtacaíocht
Coiste Halla Éinne